Mluvčí: Vincent

Jazyk Irština wiki ethnologue
Indoevropská jazyková rodina wiki
latinské písmo scriptsource
Římskokatolická církev wiki

Znamení kříže

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen

Otčenáš

Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm. Go dtaga do ríocht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu agus maith dúinn ar bhfiacha mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. Amen

Zdrávas Maria

Sé do bheatha a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat, is beannaithe thú idir mná agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh Mhuire, a mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis. Amen

Sláva Otci

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh. Mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheidh go brách, le saol na saol. Amen

Apoštolské vyznání víry

Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talaimh, agus in Íosa Críost, a aon mhacsan, ár dTiarna, a gabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh, a d'fhulaing páis faoi Phontius Píoláit, a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a hadhlacadh, a chuaigh síos go hifreann, a d'éirigh an treas lá ó mhairbh, a chuaigh suas ar neamh, atá ina shuí ar dheis Dé, an tAthair uilechumhachtach , as sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, sa NaomhEaglais Chaitliceach, i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na gcorp, agus sa bheatha shíoraí. Amen